Eolas do Thionóntaithe i Luimneach a Bhfaigheann Fógra Scoir

Tá a fhios ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh go bhféadfadh go bhfuil amhras ar theaghlaigh i Luimneach a fuair fógra scoir, ar a dtugtar freisin mar fhógra foirceanta, óna dtiarna talún cad ba cheart dóibh a dhéanamh.

Moltar d'éinne a fuair Fógra Scoir agus nach bhfuil aon chóiríocht eile aige dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Sé an chéad fhreagra a bheidh againn ná tacú leis an teaghlach iarracht a dhéanamh easpa na dídine a chosc. Sí Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an chéad phointe teagmhála agat agus tá ár sonraí teagmhála feiceáil ag bun an leathanaigh seo.

Tá ár dtreoir thíos dírithe ar:

Teaghlaigh atá incháilithe do thithíocht shóisialta (m.sh. ag fáil ÍCT (HAP)/ÍFC (RAS) agus atá ar an liosta feithimh um thithíocht sóisialta na Comhairle

Céim 1: Déanfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh:

  • Do chúinsí reatha a mheas.
  • Líon maoin áitreamh na tithíochta sóisialta atá ar fáil duit a mheas.
  • Muna bhfuil ÍCT á fháil agat cheana féin, an leibhéal di a d'fhéadfadh tú a bheith i dteideal a fháil, má bhaineann, a chur in iúl duit.
  • Más teaghlach ÍFC tú, do thionóntacht a mheas agus na roghanna a chur i iúl duit freisin.

Céim 2: I gcásanna áirithe, measfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an bhféadfaí an teach ina bhfuil cónaí ar thionónta ÍCT/ÍFC a cheannach agus:

  • A fháil amach an bhfuil an tiarna talún sásta á dhíol le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
  • Má tá an tiarna talún sásta, a chinntiú go bhfuil an teach reatha oiriúnach do do theaghlach maidir leis an méid agus leis an riocht aige. Cinnteoidh an Chomhairle freisin go bhfuil luach an tí laistigh de raon luacháil neamhspleách an mhargaidh. 

Teaghlaigh nach bhfuil incháilithe do thithíocht shóisialta (m.sh. nach bhfuil ag fáil ÍCT (HAP)/ÍFC (RAS)

Céim 1: Déanfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh:

  • Nach bhfuil an ÍCT/ÍFC á fháil agat agus nach ar an liosta feithimh um thithíocht sóisialta na Comhairle thú a dheimhniú agus an riosca maidir le heaspa dídine a mheas

Céim 2: Déanfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh:

  • Sa chás gur mian leat leanúint ar aghaidh ag glacadh ar cíos - tú a chur ar aghaidh chuig Scéim Costas Cíosa le Tionónta in Situ arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Tithíochta. Faoin scéim seo, is féidir leis an nGníomhaireacht Tithíochta an teach ina bhfuil tú i do chónaí a cheannach agus á ligean ar cíos ar ais leat. Rachaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i dteagmháil leis an nGníomhaireacht Tithíochta ar do shon agus cuirfidh siad do chuid sonraí ar aghaidh. Tá an scéim seo i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2023.

  • Nuair is mian leat do theach a cheannach – is féidir linn comhairle a thabhairt maidir leis an Iasacht Tí Údaráis Áitiúil atá ar fáil. Tá Próiseas Luath Iarratais ar Iasachtaí Tí Údaráis Áitiúil do Thionóntaí a bhfuil Fógra Foirceanta faighte acu. Is scéim chothromais roinnte í Scéim an Chéad Bhaile atá deartha chun cabhrú leis an mbearna idir éarlais agus morgáiste an iarrthóra, agus praghas an tí, a laghdú. Moltar do thionóntaí atá ag iarraidh leas a bhaint as Scéim an Chéad Bhaile cuairt a thabhairt ar -www.firsthomescheme.ie – le haghaidh tuilleadh sonraí.

Leanfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag déileáil le ceisteanna agus le cásanna chomh tapa agus is féidir agus tacaíocht a thabhairt duit maidir leis na roghanna atá ar fáil.

B’fhéidir gur mhian leis an tionónta dul i dteagmháil leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, le Threshold nó le seirbhísí tacaíochta eile na dtionóntaí le haghaidh tacaíocht agus comhairle a fháil faoi chearta an tionónta – go háirithe maidir le bailíocht an Fhógra Scoir a fuair tú.

I measc na sonraí teagmhála thíos, tá seoladh rPhoist ar leith ntq@limerick.ie agus moltar go mbainfí úsáid as ag aon tionónta i ndiaidh fógra scoir á fháil aige nó ag aon tiarna talún a d’eisigh fógra scoir dá chuid tionóntaí agus a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh an réadmhaoin aige a dhíol don Chomhairle.

Siad na príomhshonraí teagmhála ná:

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Dé Luain go Dé hAoine, 9rn go dtí 5in: Guthán 061-556000

rPhost: ntq@limerick.ie

This service is provided by

Housing Support Services

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick, V94 EH90