Scéim Dreasachta Clúidíní Éadaigh

Comhoibríonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le Voice Ireland ar an tionscnamh seo um chosc ar dhramhaíl.

Cad í Scéim Dreasachta Clúidíní Éadaigh?

Is treoirthionscadal í an Scéim Dreasachta Clúidíní Éadaigh chun tacú le húsáid clúidíní in-athúsáidte i measc teaghlach nach mbeadh tar éis smaoineamh orthu mar gheall ar na costais tosaigh a bhaineann leis na clúidíní a cheannach! Tabharfar uimhir dhearbháin do líon teoranta teaghlach le húsáid chun trealamh tosaithe clúidíní éadaigh ar luach €100 a cheannach ó dhuine dár miondíoltóirí comhpháirtíochta, Summer Sweets Baby agus Nappy Rebels. Is féidir an dearbhán a úsáid chun an Pacáiste Tosaithe Clúidíní Éadaigh, a chuireann gach soláthróir ar fáil, a cheannach.

Mairfidh an scéim phíolótach seo ar feadh tréimhse teoranta agus ní rithfidh sí ach go dtí go mbeidh na dearbháin theoranta dáilte. Beidh rannpháirtíocht sa scéim phíolótach faoi réir agallaimh leantacha ar do thaithí ag baint úsáide as na clúidíní. Tá an scéim phíolótach maoinithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, (EPA), Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus bainistithe ag VOICE.

Téarmaí agus coinníollacha:

  • Níl na clúidíní a fhaightear tríd an scéim phíolótach le hathdhíol.
  • Chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh, caithfidh tú aontú le teagmháil leantach.

Cé atá incháilithe

  • Le bheith incháilithe don scéim i Luimneach ní mór duit:   A bheith i do bhuanchónaitheoir i gCathair nó i gContae Luimnigh.
  • A bheith ag iompar clainne nó leanbh faoi 12 mhí d'aois a bheith agat atá ina c(h)ónaí leat agus a n-úsáidfear na clúidíní ath-inúsáidte a ceannófar ina leith

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

  • Tá sé simplí iarratas a dhéanamh!
  • Comhlánaigh an fhoirm iarratais anseo (scrolláil síos)
  • Má chomhlíonann tú an bhuncháilíocht ó thaobh áite agus aois do linbh de, agus má theastaíonn tacaíocht airgeadais uait ón scéim chun clúidíní éadaigh a thriail,
  • seolfaidh Voice Ireland ríomhphost chugat le d'uimhir dhearbháin thar ceann Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
  • Téigh chuig láithreán gréasáin do mhiondíoltóra roghnaithe, roghnaigh an Pacáiste Tosaigh Clúidíní Éadaigh* agus cuir isteach uimhir do dhearbháin agus tú ag seiceáil amach. (*Nó bain úsáid as an dearbhán i dtreo clúidíní in-athúsáidte eile a dhíoltar ar a láithreán gréasáin)
  • Ansin seolfaidh an miondíoltóir an Pacáiste Tosaigh Clúidíní Éadaigh sa phost chugat!

**Tabhair ar aird go bhfuil dearbháin an-teoranta agus nach bhfuil siad ráthaithe do gach iarratasóir**

Mar chuid den gclár píolótach ní mór do rannpháirtithe páirt a ghlacadh i suirbhéanna agus agallaimh leantacha, seo chun breathnú ar thionchar na scéime! Beidh suirbhé ann nuair a gheobhaidh tú na clúidíní ar dtús, agallamh i mí Feabhra 2023 agus suirbhé deiridh i mí Mheán Fómhair 2023.

Download the latest documents