Scéim Urraíochta Timpeallán

Tá an cumas ag timpealláin a bheith i bhfad níos mó ná gnéithe rialaithe tráchta. Is féidir leo a bheith ina spásanna glasa tarraingteacha freisin a chuireann go mór le cuma ár gcathracha agus a sholáthraíonn tearmainn don bhithéagsúlacht.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag lorg léirithe spéise ó chuideachtaí agus eagraíochtaí ar mhaith leo a bheith ina gcomhpháirtithe sa Scéim Urraíochta Timpeallán.

Roundabout Sponsorship Scheme 2022 - Tipperary Roundabout
Timpeallán Thiobraid Árann: Urraithe ag ‘Finucanes Electrical’

Tabharfaidh an scéim deis iontach do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí iad féin a chur chun cinn tríd an mbaint atá acu le tírdhreachtú agus cothabháil timpeallán.

Beidh an chuideachta urraíochta freagrach as dearadh atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht a chruthú dá rogha timpeallán. Ba chóir go léireodh na dearaí seo carachtar a dtimpeallachta, agus na timpealláin níos tuaithe ag ionchorprú bláthanna fiáine agus speicis dhúchasacha, agus spreagtar dearaí níos foirmiúla, bunaithe ar phailneoirí buanfhóntacha, do na timpealláin i suíomhanna níos uirbeacha.

Le haghaidh samplaí de dhearadh timpeallán atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht ó fheachtas 2020-2021, cliceáil anseo.

Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin Scéim Urraíochta Timpeallán 2022, cliceáil anseo, nó seol ríomhphost chuig: roundabouts@limerick.ie.

Roundabout Sponsorship Scheme 2022 - Ballycummin Roundabout
Timpeallán Bhaile Choimín: Urraithe ag 'Regeneron'

Roundabout Sponsorship Scheme 2022 - Kilmurry Roundabout
Timpeallán Chill Mhuire: Urraithe ag 'Edwards LS'

Download the latest documents