Tá Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí á feidhmiú ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Dúnadh an Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí 2025, ar a dtugtar “Tarscaoileadh Araide” freisin, ar 31 Eanáir 2025. Níl Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh ag glacach le h-aon iarratais sa bhreis le haghaidh an Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí 2025.
Dúnadh an Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí 2024, ar a dtugtar “Tarscaoileadh Araide” freisin, ar 31 Eanáir 2024. Níl Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh ag glacach le h-aon iarratais sa bhreis le haghaidh an Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí 2024.
Critéir Cháilitheacha
Chun cáiliú don Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí 2025, ní mór duit na critéir cháilitheacha ioncaim i gCatagóir A nó i gCatagóir B a chomhlíonadh.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ta cruthúnas ioncaim de dhíth
Catagóir A: Ní mór don iarratasóir a bheith in aois an phinsin i.e. 66 bliana d’aois nó níos sine, agus ag fáil ceann díobh seo a leanas; Pinsean Stáit Ranníocach / Neamhranníocach / Baintrí/Baintrí Fir / Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh amháin, agus |
|
Catagóir B: Ní mór don iarratasóir a bheith ag fáil Liúntas Míchumais / Pinsean Easláine / Pinsean na nDall amháin, agus |
|
Tabhair faoi deara: Má tá aon ioncam eile á fháil agat, seachas na critéir cháilitheacha atá liostaithe i gCatagóir A nó i gCatagóir B thuas; ní cháilíonn tú don scéim, e.g. cúramóirí, pinsean príobháideach, cuardaitheoir poist, teaghlach aontuismitheora etc.
Conas iarratas a dhéanamh
Níl Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh ag glacach le h-aon iarratais sa bhreis le haghaidh an Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí 2025.
Spriocdháta
Tá an an Scéim Fóirdheontais Bailiúcháin Dramhaíola Tí 2025 dúnta le haghaidh iarratais anois.
Teagmháil
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le Seirbhísí Custaiméara ar +353 61 556000.
Faigh tuilleadh eolais faoi conas do dhramhaíl sa bhaile a bhainistiú anseo.