An tAcht um Rialachán ar Stocaireacht 2015

Tá Rialachán ar Stocaireacht deartha chun faisnéis a sholáthar don phobal maidir le cé atá ag stocaireacht agus cad faoi.

De réir Coda 6(4) Achta Rialachán ar Stocaireacht 2015, is riachtanach nuair a thosaíonn an tAcht ar an 1ú Mheán Fómhair 2015 do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh liosta a fhoilsiú a thaispeánann ainm, grád agus mionsonraí achoimrithe ar ról agus freagrachtaí gach ‘Oifigigh Poiblí Ainmnithe’ an chomhlachta. Tá cuspóir an liosta dúbailte.

  • Ceadú do bhaill an phobail daoine a aithint atá ainmnithe mar Oifigigh Poiblí Ainmnithe;
  • Mar acmhainn do bhrústocairí ag seoladh tuairisceán chuig an Taifead a d’fhéadfadh sé gur gá dóibh sonraí an Oifigigh Phoiblí Ainmnithe a fháil.

Chun breathnú ar liosta Oifigigh Poiblí Ainmnithe Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, cliceáil anseo.

Soláthraíonn Cuid 6(1)(d) go nglactar le Baill Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar ‘Oifigigh Poiblí Ainmnithe’ chun cuspóirí an Achta. 

Chun breathnú ar liosta Baill Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, cliceáil anseo.

Tá na cáipéisí treoraíochta a leanas ar fáil chun d’fhaisnéise.

Tá a thuilleadh faisnéise ag baint le reachtaíocht agus a thuilleadh treoraíochta ar an Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialacháin Stocaireachta, cliceáil anseo.