Féadfaidh duine údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána capaill a urghabháil de réir Alt 37 den Acht um Rialú Capall, 1996. Faoi Fhodhlíthe Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (Rialú Capall) 2017, coinnítear capaill gafa ar feadh cúig lá ó dháta na hurghabhála.
Tá an nós imeachta chun capall gafa a éileamh ar ais mionsonraithe san Fhógra Urghabhála agus Coinneála. Má tá do chapall á choinneáil ba chóir duit teagmháil a dhéanamh láithreach le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus do Dhoiciméad Aitheantais Eachaí ('Pas Capall') a tháirgeadh mar chruthúnas úinéireachta.
Tá fógraí faoi Chapaill atá á gcoinneáil ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi láthair le feiceáil anseo.
Download the latest documents
This service is provided by
Veterinary Services
Phone
+353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle Road, Dooradoyle, Limerick, V94 WV78