Conas Déileáil le Feithicil a bhfuil a ré caite

Tá seancharr agat ag deireadh a shaoil, agus ba mhaith leat fáil réidh leis, mar sin cad a dhéanann tú?

Leagann na rialacháin atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2007 do gach gluaisteán a bhfuil a ré caite amach bearta sonracha chun a chinntiú go ndéantar seanghluaisteáin a dhíthruailliú agus a dhíchóimeáil ar bhealach nach gcuireann ár gcomhshaol ná sláinte an duine i mbaol.

Tá na rialacháin de dhualgas ar:

1. Na táirgeoirí, na déantúsóirí/iompórtálaithe feithiclí
2. Áiseanna díchóimeála/scrapála feithicle
3. Tusa, an t-úinéir cláraithe

Ní mór d’áiseanna a dhéileálann le feithiclí a bhfuil a ré caite caighdeáin chomhshaoil dhiana a chomhlíonadh maidir le bailiú, stóráil agus cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite. Tugtar Áiseanna Chóireála Údaraithe nó ÁCÚanna ar na háiseanna. Féach thíos le do thoil le haghaidh liosta reatha na n-áiseanna cóireála údaraithe atá ceadaithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Cá dtabharfaidh mé mo charr?

Ba cheart duit déileáil le háis chóireála atá údaraithe mar is cuí amháin nuair atá tú ag fáil réidh le do sheanfheithicil toisc gurb iad seo na háiseanna amháin a bhain na caighdeáin chomhshaoil amach agus is féidir leo Deimhnithe Scriosta a eisiúint.

Conas is féidir liom mar úinéir/úinéir cláraithe gluaisteán é seo a dhéanamh?

Ní mór duit Áis Chóireála Údaraithe (Liosta ÁCÚanna atá ar fáil le híoslódáil sna doiciméid tacaíochta thíos) nó Bailitheoir Dramhaíola údaraithe a lorg. Ag baint úsáide as an Liosta Dramhaíola/cód EWC 16 01 04, cuardaigh Bailitheoir Dramhaíola údaraithe agus Áis Chóireála Údaraithe ag an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola agus déan socrú chun an fheithicil a bhogadh chuig ÁCÚ ar an mbealach seo.

Eiseoidh an Áis Chóireála Údaraithe Deimhniú Scriosta chugat a dheimhneoidh go ndéanfar an fheithicil a dhíthruailliú agus a dhíchóimeáil ar bhealach atá sábháilte don chomhshaol (scrapáilte mar is ceart).

Cuirfidh an áis an tAonad Clárúcháin Feithicle atá suite i mbaile na Sionainne ar an eolas ansin agus déanfar scrios na feithicle a nótáil sa Chomhad Náisiúnta Feithiclí. Is é an Deimhniú Clárúcháin Feithicle (RF101) nó logleabhar an chairr an t-aon doiciméad atá ag teastáil uait chun a thabhairt don áis.

Cé mhéad a chosnaíonn sé?

I gcás ina nglacann áis chóireála údaraithe feithicil a bhfuil a ré caite aici ón úinéir cláraithe, ní fhéadfaidh an áis táille a ghearradh ar úinéir na feithicle sin a luaithe a bheidh an fheithicil shlán nó nuair nach mbeidh dramhaíl curtha léi. Ach gearrann Bailitheoirí Dramhaíola údaraithe táille as a gcuid seirbhísí.                                                                                                                                                                   

Tabhair faoi deara le do thoil: Mura dtugann tú do charr a bhfuil a ré caite aige go ceann de na ÁCÚanna, féadfar fógra íocaíochta seasta de €100 a tharraingt.

Download the latest documents