Rialú Capall

Cuireann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an tAcht um Rialú Capall agus na Fo-Dhlite Chomhairle Cathrach agus Contae (Rialú Capall) 2017 i bhfeidhm, maidir le coinnéal capall. Is Limistéar Rialúcháin é an limistéar feidhme iomlán chathair agus contae Luimnigh chun críocha an tAcht agus na Fo-Dhilte a bhaineann leis.

Gabhann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh capaill atá ar strae ar thailte poiblí. Tá cumhachtaí ag an gComhairle aon chapall atá ar strae ar thailte poiblí sa Limistéar Rialúcháin a ghabhadh agus a choinneáil. Coiméadtar na capaill sa Phóna ACS ar feadh cúig lá, ionas gur féidir le úinéar capaill ar bith iad féin a chur in íuil don Chomhairle, agus a capall a fháil ar ais. Muna fhaigheann an t-úinéar an capall ar ais tar éis an achar chúig lá, déantar an capall a athshocrú go charthanach capall.

Má tá imní ort maidir le chapall atá ar seachrán ar thailte poiblí, led’thoil téigh i dteagmhaíl le Seirbhísí Custaiméara ag 061 556000. Déanfar taifead as do ghlaoch agus déanfaidh an Roinn Sheirbhísí Tréidliachta iniúchadh. Lasmuigh gnáth-uaireanta oibre, led’thoil déan teagmháil leis an Staisiúin Gharda is giorra duit.

Má cheapann tu go bhfuil do chapall curtha sa Phóna ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, led’thoil, déan teagmháil leis an Roinn Sheirbhísí Custaiméara ag 061 556000. Lasmuigh de gháth-uaireanta oibre, is féidir dul i dteagmháil leis an bPóna ACS at 0818 203020.

Ceadúnais Capall: Ní mhór d’éinne a bhfuil capall ina sheilbh acu, nó a choimeádann capall, san Limistéar Rialachán Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Ceadúnais Capaill bailí a bheith acu le haghaidh gach capall. Tá liosta eisceachtaí leagtha amach sna Fo-Dhlithe 2017. Ta chóip dena Fo-dhlithe,  eolas faoi cheadúnais Capall, agus foirm iarratais le fáil thíos. Le haghaidh aon fhiosrúcháin eile, led’thoil déan teagmhaíl leis an Roinn Seirbhísí Tréidliachta trí mhéan an Roinn Sheirbhísí Custaiméara ag 061 556000.

Nóta tábhachtach maidir le leas ainmhithe: Níl aon cumhachtaí ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi reachtaíocht leasa ainmhithe. Is iad na h-eagrúcháin atá cumhachtaí acu ná:  An Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara, an ISPCA, agus an Garda Síochána.

Eolas Teagmhála

Seirbhísí Tréidliachta
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Bóthar Thuar an Daill
Luimneach
V94WV78
Fón: +353 61 556000

This service is provided by

Veterinary Services

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle Road, Dooradoyle, Limerick, V94 WV78