Tá sé mar aidhm ag Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche cabhrú le sláinte agus folláine na máithreacha, na leanaí agus a dteaghlach atá ag beathú cíche a fheabhsú trí ghnólachtaí, eagraíochtaí agus pobail feiliúnach do bheathú cíche a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Go ginearálta, is gan stró a dhéanann máithreacha a thugann beathú cíche don a gcuid leanaí agus iad amuigh. Deir roinnt máithreacha go mbraitheann siad beagán féin-chomhfhiosach agus iad ag thabhairt beathú cíche den chéad uair, go háirithe nuair a bhíonn an leanbh ag fháil greim. Níos minice ná a mhalairt, tabharfaidh máthair beathú cíche dá leanbh agus ní thabharfaidh daoine eile timpeall uirthi aird.
Cuid lárnach de bheathú cíche rathúil is ea an leanbh a bheathú nuair is mian leis an leanbh a bheith cothaithe ('beathú ar éileamh'). Insíonn taighde dúinn an dá rud a chabhraíonn máithreacha a bheith compordach agus iad ag tabhairt beathú cíche agus iad amuigh:
- Dearcadh fáiltiúil, cuiditheach ón bhfoireann
- Pátrúin eile a bheith ar an eolas agus ag glacadh leis go bhféadfaí leanaí a bheathú ansin
Trí chlárú le Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche, is féidir le heagraíochtaí príobháideacha, pobail agus reachtúla ar fud Luimnigh a thaispeáint go bhfáiltíonn siad roimh agus go dtacaíonn siad le máithreacha agus teaghlaigh a bhíonn ag beathú cíche trí ghníomhartha éasca gan chostas
