Forbraíodh an Clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile (SRTS) mar fhreagairt ar an ngá chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna siúl agus rothaíocht ar scoil a mhéadú, i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus na Scoileanna Glasa i 2020.
Tá sé de chúram ar an bhFoireann Taistil Ghníomhaigh de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an t-infreastruchtúr a sholáthar leis an Scéim a chur ar fáil, tar éis iarratais rathúla ar mhaoiniú ó na scoileanna go díreach chuig an NTA.
Roghnaíodh Scoil Náisiúnta Seanghualann le cur sa tríú babhta den chlár Bealaí Sábháilte chun na Scoile i 2024.
An Scéim:
Roghnaíodh an scoil le haghaidh maoiniú i leith feabhsúcháin creasa scoile.
Cuirfear tuilleadh sonraí faoin Scéim ar fáil níos déanaí.