D'fhoilsigh Méara Luimnigh, John Moran, an Clár Méara Luimnigh 2024-2029, dar teideal 'More for Limerick', ina leagtar amach fís uaillmhianach do thodhchaí Chathair agus Chontae Luimnigh. Leagtar amach sa doiciméad cuimsitheach 138-leathanach seo fís agus spriocanna an Mhéara maidir lena théarma oifige, faoi mar a shainordaítear san Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024.