Beartas Rochtana Comhchosúla glactha ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh de réir an Bheartais Náisiúnta Spóirt.
De réir an Bheartais Náisiúnta Spóirt 2018 – 2027, ar ghlac Rialtas na hÉireann leis: “Caithfidh spórt a bheith fáilteach agus ionchuimsitheach, is deiseanna cuí a thairiscint do chách maidir le rannpháirtíocht & feabhsú.”
Tá sé mar aidhm ag an mBeartas cuimsiú a chur chun cinn chun torthaí inmhianaithe a sheachadadh, le fócas ar aghaidh a thabhairt ar ghrádáin shóisialta, mhíchumais, inscne, eitneacha agus eile. Maidir le rochtain ar shaoráidí, is é aidhm fhoriomlán an Bheartais go mbeidh saoráidí, go háirithe iad siúd a forbraíodh agus úsáid á baint as cistí poiblí, go hiomlán so-aimsithe agus ar fáil don raon is leithne úsáideoirí.