Scéim um Thaisteal Gníomhach Ghlasbhealach Uirbeach Chaladh an Treoigh go dtí an Pháirc Náisiúnta Teicneolaíochta

Tionscadal atá á sheachadadh ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh is í Scéim um Thaisteal Gníomhach Ghlasbhealach Uirbeach Chaladh an Treoigh go dtí an Pháirc Náisiúnta Teicneolaíochta. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

  • Holland Road

Nascfaidh Glasbhealach Chathair Luimnigh atá beartaithe Club Bád Ollscoil Luimnigh le hÁth an Choite, Co. Luimnigh. Beidh an rotharbhealach thart ar 6.8km ar fad agus beidh sé suite feadh bhruach theas agus thiar na Sionainne agus na Maoilchearna lastuaidh de Champas Ollscoil Luimnigh (OL) agus den Pháirc Náisiúnta Teicneolaíochta (PNT).

Is do nasc beartaithe do rothair agus do choisithe ó Ghlasbhealach Uirbeach Chaladh an Treoigh atá ansin cheana féin go Glasbhealach Chathair Luimnigh atá beartaithe, í Scéim um Thaisteal Gníomhach Glasbhealach Uirbeach Chaladh an Treoigh go dtí an Pháirc Náisiúnta Teicneolaíochta.

Áirítear na nithe seo a leanas sna tograí:

  • Leanúint le Glasbhealach Chaladh an Treoigh lastuaidh de charrchlós na Gaelscoile, lena n-áirítear trasnáil ar bhóthar rochtana na Gaelscoile
  • Trasnú rialaithe an R445 do rothaithe agus coisithe
  • Saoráid cosán rothaíochta agus cosán nua chun nascadh le Bóthar Holland laistigh de thailte an GFT.
  • Uasghrádaithe ar chosán rothaíochta agus cosáin ar Bhóthar Holland (bóthar seirbhíse reatha an GFT a chríochnaíonn mar cul-de-sac).Tá cosán ar an mbóthar seo faoi láthair atá deighilte le ciumhais ar gach taobh den bhóthar.
  • Trasnú rialaithe trasna Bóthar Pháirc Plassey chun nascadh le Glasbhealach Chathair Luimnig

Bhí tréimhse comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil ar na tograí ar siúl ó 27 Meán Fómhair 2024 agus mhair sé ar feadh thréimhse ceithre seachtaine go dtí 25 Deireadh Fómhair 2024.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000